Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Do Chomhairle > Eolas Fúinn

Eolas Fúinn

Bunaíodh Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1898 agus soláthraíonn sí raon seirbhísí do shaoránaigh i dTiobraid Árann Theas. Tá ár gceanncheathrú lonnaithe i dTeach na Cúirte, An tAonach agus tá oifigí ceantair againn i mBuiríos Uí Chéin, sa Phort Nua, i nDurlas agus i Ros Cré. Cuirfidh ár leathanach Cúlra na Comhairle breis faisnéise ar fáil.

Tá Contae Thiobraid Árann roinnte ina dhá cheantar riaracháin - Tiobraid Árann Thuaidh agus Tiobraid Árann Theas. Tá Comhairle Contae faoi leith ag an dá cheantar, agus gach ceann lena cultúr agus céannacht shainiúil féin. Tá breis faisnéise maidir leo seo ar fáil ar an leathanach Cur Síos ar Thiobraid Árann Thuaidh.

Tá roinnt Coistí um Beartais Straitéiseacha bunaithe againn agus soláthraíonn siad seo fóram nua d'Ionadaithe Tofa na Comhairle agus Ionadaithe na n-Eagraíochtaí Stáit agus Pobail chun oibriú le chéile le beartais nua a fhorbairt agus seanbheartais a athbhreithniú.

Barr an Leathanaigh