Ról agus Comhaltaí n gCoistí um Beartais Straitéiseacha (SPCs)
Ag a Cruinniú Bliantúil a tionóladh ar an 19 Meitheamh 2009, chinn Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh ceithre Choiste um Beartais Straitéiseacha a bhunú agus ceapadh an Cmhlr. Jonathan Meaney, an Cmhlr. Eddie Moran, an Cmhlr. Michael Smith agus an Cmhlr. Pauline Coonan mar Chathaoirligh Ainmnithe na gCoistí.
Is éard atá i ngach SPC ná Comhairleoirí tofa agus ionadaithe earnála (nó neamhthofa). Tá a Chathaoirleach féin ag gach SPC (a chaithfidh a bheith ina Chomhalta den Chomhairle agus a cheapann an Chomhairle) agus faigheann sé cúnamh ó Stiúrthóir Seirbhísí (oifigeach lánaimseartha de chuid na Comhairle) agus a fhoireann/a foireann. Tagann na SPCanna le chéile ar bhonn rialta de réir mar a éilíonn an ualach oibre a bhíonn orthu.
Is é ról na SPCanna ná beartais a cheapadh, a fhorbairt agus a athbhreithniú maidir leis na réimsí a bhfuil siad freagrach astu. Ach coinníonn an Chomhairle a feidhm mar údarás cinnteoireachta agus déanann sí an cinneadh deiridh maidir le gach ábhar beartais. Tá sé mar fhreagracht ar na SPCanna comhairle a chur ar an gComhairle iomlán agus moltaí a dhéanamh di faoi ábhair bheartais trí Chathaoirleach an SPC.
Ba chóir tabhairt faoi deara nach bhfuil ról ag na SPCanna maidir le feidhmiú na Comhairle ó lá go lá nó ábhair eile nach mbaineann le beartais, fad agus atá an ról ceaptha beartas ríthábhachtach do gach SPC.
Caithfear Coistí um Beartais Straitéiseacha nua a bhunú tar éis na dtoghchán áitiúil a bhíonn ar siúl gach 5 bliana.
SCÉIM AN CHOISTE UM BEARTAIS STRAITÉISEACHA -
Pdf Doiciméad
(24KB)
An bhfuil aon rud le rá agat faoinar suíomh Ghréasáin? Seol chugainn aon aiseolas.