Tá tú anseo:
Baile >
Seirbhísí >
Do Chomhairle > Achomhairc agus Gearáin
Achomhairc agus Gearáin
- Tá sé mar aidhm againn an tseirbhís is fearr a sholáthar duit. Má tharlaíonn sé, áfach, nach bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a sholáthraítear, déileálfaimid le do ghearáin ar bhealach aireach, cúirtéiseach agus cuiditheach.
- Ar an gcéad dul síos, mholfaimis duit litir a sheoladh chuig an gCeann Rannóige a bheadh i gceist, nó glaoch a chur air/ uirthi nó coinne a shocrú leis/ léi.
- Mura bhfaigheann tú freagra sásúil ar do cheist, is féidir leat gearán scríofa a sheoladh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí/ Ceann Feidhme cuí mar a leanas:
- Ceisteanna Seirbhísí Bóithre agus Uisce - An tUasal Marcus
O'Connor
- Ceisteanna Tithíochta, Comhshaoil agus Seirbhísí Éigeandála - An tUasal Karl Cashen
- Ceisteanna Pleanála & Forbartha agus Pobail & Fiontraíochta - An tUasal
Matt Shortt
- Bainistíocht Airgeadais agus Corporáideacha - An tUasal Liam McCarthy
- Teicneolaíocht Faisnéise/ Cumarsáide - An tUasal Gerard Lynch.
- Seol do litir chuig an Stiurthóir/ Ceann Feidhme, Oifigí Sibhialta, Bóthar Luimnigh, An tAonach agus soláthraigh an oiread faisnéise agus is féidir a chumasóidh dúinn déileáil leis an ngearán ar bhealach atá pras agus oiriúnach. Déanfar an cheist a fhiosrú agus eiseofar freagra duit laistigh de 21 lá. Murar féidir linn freagra iomlán a sheoladh ar aghaidh chugat san am sin, scríobhfaimid chugat chun insint duit faoin moill agus faoin gcúis atá léi.
- Beidh sé mar aidhm againn déileáil le gach gearán maidir le moill ar sheirbhísí, earráidí agus drochsheirbhís do chustaiméirí laistigh de 21 lá ón lá a fhaightear an gearán. Murar féidir linn freagra iomlán a sheoladh ar aghaidh chugat san am sin, scríobhfaimid chugat chun insint duit faoin moill agus faoin gcúis atá léi.
- Má chuimsíonn do ghearán gnéithe casta, teicniúla nó dlíthiúla, mholfaimis duit do ghearán a chur i scríbhinn, chun earráidí nó míthuiscintí ar bith a sheachaint.
- Nuair a dhéanaimid earráid, gabhfaimid leithscéal, míneoimid cén chaoi ar tharla an earráid agus ceartóimid an cheist láithreach.
- Cuimseoimid faisnéis ar achomhairc inmheánacha agus sheachtracha agus modh déanta gearán inár gcáipéisí, inár bhfoilseacháin agus inár bhfoirmeacha ar fad.
Gnásanna Gearáin
Más dóigh gur chaitheadh go mí-chothrom leat nó mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneamar maidir le do ghearán, tá lán-rogha agat teagmháil a déanamh leis an Ombudsman mar gheall air. De réir dlí, tig leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar aon ghníomhú riaracháin, ar aon ghnás eile, nó ar ró-mhoill nó faillí a rinneadh le linn duit a bheith ag déileáil linn. Cuireann an tOmbudsman seirbhís ar fáil saor in aisce, neamhchlaon agus neamhspleách, chun díospóidí a réiteach.
Chun chomhthadall a dhéanamh linn:
Oifig an Ombudsman
18, Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil: LóGhlach 1890 22 30 30
Teil: 01 639 5600
Facs: 01 639 5674
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
www.ombudsman.ie
Barr an Leathanaigh