Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Do Chomhairle > Cosaint Sonraí

Cosaint Sonraí

An Beartas um Chosaint Sonraí de chuid Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh

Cad is Cosaint Sonraí ann?

Is é atá i gCosaint Sonraí ná cosaint ar chearta príobháideachta na ndaoine maidir le próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta.  Soláthraíonn daoine faisnéis fúthu féin go comhlachtaí rialtais, bainc, comhlachtaí árachais, proifisiúnaigh leighis agus mórán daoine eile, chun áis a bhaint as seirbhísí nó chun dualgais a chomhlíonadh.  Do chuspóir na cosanta sonraí, glaotar rialaitheoirí sonraí ar eagraíochtaí nó ar dhaoine (e.g. Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh) a rialaíonn ábhair agus úsáid sonraí pearsanta (e.g. Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh).  Bronnann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 cearta ar dhaoine mar aon le freagrachtaí orthu siúd a mbíonn ag próiseáil na sonraí pearsanta.  Téann na cearta seo i bhfeidhm áit a choimeádtar an fhaisnéis: 

Príomhfheidhm Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh ná raon leathan seirbhísí a sholáthar do phobal Thiobraid Árann Thuaidh faoi na príomhcheannteidil seo a leanas:

Agus a cuid feidhmeanna á gcomhlíonadh, tá ar Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh méid suntasach Sonraí Pearsanta a phróiseáil faoi théarmaí tagartha na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Tá meas againn ar phríobháideacht na ndaoine agus muid ag déanamh próiseála ar a sonraí pearsanta, agus táimid feasach ar ár ndualgais faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.  Sainítear Sonraí Pearsanta mar shonraí a bhaineann le duine beo ar féidir a aithint ceachtar ó na sonraí, nó ó na sonraí i gcomhar le faisnéis eile atá i seilbh, nó atá dóchúil a bheith i seilbh, an rialaitheora sonraí.

Freagrachtaí Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh mar Rialaitheoir Sonraí:

Tá Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh cláraithe mar Rialaitheoir Sonraí le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí (Uimhir Chláraithe 0196/A).  Tá sonraí ár gclárúcháin ar fáil ar líne ag www.dataprotection.ie.  Faoi Rialacha na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá ar Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh:

1. Sonraí a fháil agus a phróiseáil go cothrom.

2. Sonraí a choinneáil le haghaidh cuspóirí ar leith nó níos mó atá sonrach, dleathach agus follasach.

3. Ná bain leas as agus ná nocht na sonraí ach ar bhealaí atá comhoiriúnach leis na cuspóirí seo.

4. Coinnigh sonraí sábháilte agus slán.

5. Coinnigh sonraí cruinn, comhlán agus cothrom le dáta.

6. Déan cinnte gur leor na sonraí, go bhfuiltear cuí agus nach bhfuiltear thar fóir.

7. Ná coinnigh na sonraí ar feadh níos mó ama é ná mar a bhfuil gá leis leis an gcuspóir nó leis na cuspóirí a chomhlíonadh.

8. Tabhair cóip dá s(h)onraí pearsanta don duine má iarann sé/sí.

Ba chóir iarratas scríofa a chur go hOifigeach Comhlíontacháin Rialatheora Sonraí Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh má theastaíonn ó dhaoine cóip dá sonraí pearsanta a fháil i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Tá duine, ar a bhfuil sonraí pearsanta á gcoimeád, i dteideal, agus iarratas rochtana á dhéanamh aige/aici:

Conas iarratas a dhéanamh do chóip sonraí pearsanta atá i seilbh Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh:

Tá roinnt ceart faoin Acht, de bhreis ar an gCeart Rochtana, ag gach duine a mbíonn an rialaitheoir sonraí ag coimeád faisnéise pearsanta air/uirthi.   Cuimsítear anseo an ceart aon fhaisnéis mhíchruinn a cheartú nó a scriosadh, sonraí pearsanta a bhaint ó liosta dírmhargaíochta nó dírphóstála, agus an ceart gearán a dhéanamh don Choimisinéir Cosanta Sonraí.

Mar fhreagairt ar iarratas rochtana, déanfaidh an Chomhairle an méid seo a leanas: 

Sárú ar Chosaint Sonraí:

Is féidir sárú ar chosaint sonraí a tharlú de bharr roinnt cúiseanna, ina measc:

Chun sárú ar chosaint sonraí a bhainistiú, caithfear na céimeanna seo a leanas a thógáil:

  1. Ba chóir aon shárú ar chosaint sonraí a thuairisciú láithreach do bhainisteoir líne an bhaill foirne.
  2. Ansin tá ar an mBainisteoir Líne tuairisc scríofa a sheoladh ar an méid seo go dtí an t-Oifigeach Comhlíontacháin Rialatheora Sonraí.  
  3. Ba chóir sonraí aon tsáraithe a thuairisciú go cruinn, lena n-áirítear dáta agus am an eachtra, cathain a aimsíodh í, cé a rinne an tuairisciú ar an eachtra, sonraí aon chórais ICT a bhí bainteach.
  4. Cuirfidh an t-Oifigeach Comhlíontacháin Rialatheora Sonraí in iúl don Choimisinéir Cosanta Sonraí é nuair atá sé ábhartha.
  5. Tá ar gach rannóg socruithe a eagrú chun a chur in iúl don duine/do na daoine é nuair a mbíonn sárú ar a sonraí pearsanta.
  6. Tar éis an tsáraithe Cosanta Sonraí, déanfaidh an Oifigeach Comhlíontacháin Rialatheora Sonraí iniúchadh ar chonas ar tharla an sárú, impleachtaí an tsáraithe agus na bearta ar gá leo chun athtarlú a sheachaint. 

An t-Oifigeach Comhlíontacháin Rialatheora Sonraí reatha ná Rosemary Joyce, Feidhmeannach Sinsearach, Tacaíocht Chorparáideach.  Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar 067 44563 nó trí rphost ar rjoyce@northtippcoco.ie.  

Tarraingeofar aird gach baill foirne ar an mbeartas seo trí:

  1. Foilseachán ar an Idirlíon.
  2. Cúrsaíocht do gach Ceannaire Rannóige.

Beidh an beartas seo taispeánta chomh maith ar ár suíomh Gréasáin www.tipperarynorth.ie.