Ceisteanna Coitianta um Shaoráil Faisnéise
Céard í feidhm na nAchtanna?
Is mar seo a leanas a mhínítear feidhm na nAchtanna FOI i dteideal fada an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997:
'Acht dá chumasú do dhaoine den phobal rochtain a bheith acu, a mhéid
is féidir é i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta,
chuig faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus dá chumasú do dhaoine
a chur faoi deara go gceartófar faisnéis phearsanta a bhaineann leo agus atá i seilbh
na gcomhlachtaí sin...'
Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 (http://www.irishstatutebook.ie/1997/en/act/pub/0013/index.html)
arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003
(http://www.oireachtas.ie/viewdoc.asp?fn=/documents/bills28/acts/2003/a903.pdf )
ceaptha chun ceart rochtana a a sholathár, a mhéid is féidir é, ar fhaisnéis arna coinneáil ag comhlachtaí poiblí. Trí eisceachtaí áirithe a dhéanamh, féachann na hAchtanna chuig cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart rochtana agus an ceart chun príobháideachta agus leas an phobail maidir le rúndacht a choinneáil.
Cén faisnéis is féidir liom a iarraidh?
Tá scóip na nAchtanna an-leathan. Is féidir leat na cineálacha taifead seo a leanas arna gcoinneáil ag ranna rialtais nó comhlachtaí rialtais a iarraidh:
- Taifid a bhaineann leat go pearsanta.
- Taifid ar bith eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán, 1998
D'fhéadfadh cáipéis pháipéir, faisnéis arna coinneáil ar ríomhaire, asphriontaí, léirsceáileanna, pleananna, micreascannán, micrifís, ábhar chlosamhairc agus mar sin de a bheith i gceist le "taifead".
Is féidir leat faisnéis a lorg atá á coinneáil ag comhlachtaí poiblí agus ag airí agus iad ag gníomhú mar chinn ranna. Is féidir leat taifid a lorg chomh maith a bhaineann le cúrsaí roinne a raibh airí, airí stáit, a gcomhairleoirí agus státseirbhísigh bainteach leo. Tá roinnt eisceachtaí ann áfach, faoinar féidir iarratais ar fhaisnéis a dhiúltú.
Céard iad na heisceachtaí?
Díríonn eisceachtaí ar raon leathan réimsí agus, nuair is cuí, cuireann siad rúndacht ar fáil d'ábhar ar nós an t-ábhar seo a leanas:
-
cáipéisí comh-aireachta, seisiúin faisnéise lena mbaineann agus taifid coistí áirithe.
-
Breithniúcháin agus idirbheartaíochtaí comhlachtaí poiblí.
-
Taifid a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí, slándáil, caidrimh idirnáisiúnta agus Tuaisceart Éireann.
-
Taifid a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas eacnamaíoch an Stáit dá scaoilfí iad.
-
Faisnéis tríú páirtí, cosúil le faisnéis a fuarthas faoi rún, faisnéis phearsanta agus faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála.
-
Taifid atá faoi réir pribhléid dlí ghairmiúil, agus cúrsaí áirithe a bhaineann leis na cúirteanna, leis an Oireachtas agus le binsí.
-
Taifid a bhaineann le taighde agus acmhainní nádúrtha.
Cuimhnigh go bhfuil an chuid is mó de na heisciachtaí ceaptha chun faisnéis a chosaint sa chás go ndéanfaí dochar don ábhar áirithe lena bhaineann dá nochtfaí í agus sa chás sin amháin. Níl feidhm ag formhór na n-eisceachtaí, ach tá ag cinn áirithe, dá mbeadh sé níos fearr do leas an phobail tríd is tríd dá mbronnfaí rochtain ar na taifid.
Céárd is 'faisnéis phearsanta ann?
Is éard atá i gceist le faisnéis phearsanta ná faisnéis faoi dhuine nach eol de ghnáth ach don duine sin nó do dhaoine dá t(h)eaghlach. Cuimsíonn sé faisnéis faoi dhuine chomh maith tá á coinneáil ag comhlacht poiblí ar an tuiscint go mbeidh sí faoi rún. Tugann na hAchtanna roinnt samplaí de na rudaí is féidir a bhreithniú mar fhaisnéis phearsanta.
Tá roinnt cosaintí san Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (http://www.irishstatutebook.ie/1997/en/act/pub/0013/index.html) arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 (http://www.oireachtas.ie/viewdoc.asp?fn=/documents/bills28/acts/2003/a903.pdf) maidir le faisnéis phearsanta a scaoileadh. Cuimsíonn siad dualgas ar thaobh comhlachta phoiblí dul i gcomhairle leis an duine a dtagraíonn an fhaisnéis dó/di sula scaoilfear do thriú pairtí í. Má tá sé beartaithe ag an gcomhlacht fós an fhaisnéis a scaoileadh do thriú páirtí, féadfaidh an duine an cinneadh seo a achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise. (www.oic.gov.ie/en/)
Céard is gá dom a dhéanamh nuair atá Iarratas FOI á chur isteach agam?
Tá na hAchtanna FOI ceaptha chun rochtain phoiblí a cheadú ar fhaisnéis atá á coinneáil i bhfoirm láimhe nó leictreonach ag comhlachtaí poiblí
Nachbhfuil ar fáil ó fhoinsí eile. Ba chóir go mbeadh iarratais i scríbhinn (úsáid an fhoirm Iarratais FOI (nasc go dtí doiciméad ceangailte darb ainm "Foirm Iarratais d'Iarrtas FOI" nó cuir litir isteach) agus ba chóir go gcuirfeadh sé in iúl go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003. Ba chóir go ngabhfadh an táille aitheantais cheart leis an iarratas i.e. €15 ar fhaisnéis neamhphearsanta - €10 do shealbhóirí cártaí leighis (Féach Lámhleabhar Alt 15) agus ba chóir go mbeadh dóthain sonraí ann ar an bhfaisnéis atá á iarraidh ionas go mbeidh an fhoireann in ann an taifead atá á iarraidh a aithint. Ba chóir duit dúit é a chur in iúl freisin má theastaíonn uait go mbeidh an fhaisnéis i bhformáid ar leith e.g. r-phost, litir etc.
An bhfuil feidhm ag na hAchtanna amháin maidir le taifid a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1998 i leith?
I gcás páipéir beartais agus taifid cosúil leo, níl feidhm ag na hAchtanna de ghnáth ach maidir le taifid a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1998 ar aghaidh. Is féidir rochtain a fháil ar thaifead a cruthaíodh roimh an dáta seo má tá sé riachtanach chun an t-ábhar a cruthaíodh ina dhiaidh sin a thuiscint, nó má dhéanann an tAire Airgeadais rialacháin a sholáthraíonn rochtain ar thaifid roimhe sin. Tríd is tríd tá sé de cheart agat faisnéis phearsanta a fháil a bhaineann leat féin, is cuma cathain a cruthaíodh é.
Cé a dhéanann an cinneadh iarratais a bhronnadh nó gan iad a bhronnadh?
Ar an gcéad dul síos, déanann ceann an chomhlachta phoiblí lena bhaineann cinntí ar iarratais faoi na hAchtanna. I gcás roinne rialtais, is é an t-aire lena bhaineann atá i gceist. i ndáiríre, áfach, ní féidir le hAire cinneadh a dhéanamh agus breathnú ar gach iarratas a fhaigheann roinn, toisc go gcaithfear déileáil le hiarratais de ghnáth laistigh de cheithre seachtaine. Ar an gcúis seo, soláthraíonn na hAchtanna do chinnteoireacht ar iarratais a tharmligean. Más oifigeach faoi tharmligean a dhéanann an cinneadh tosaigh iarratas a dhiúltú, féadfaidh tú an cinneadh a achomharc ar dtús trí athbhreithniú inmheánach laistigh den roinn, chuig oifigeach níos sinearaí nó chuig an aire.
An féidir liom achomharc in aghaidh diúltú d'fhaisnéis a sholáthar?
Is féidir. Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh ar iarratas FOI féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a iarraidh ar an roinn nó ar an gcomhlacht poiblí. Déanann oifigeach níos sinsearaí athbhreithniú ar d'iarratas ansin, agus cuirtear an toradh in iúl duit laistigh de thrí seachtaine. Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a dhéantar tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Bhunaigh na hAchtanna Oifig an Choimisinéara Faisnéise (www.oic.gov.ie/en/ ) mar chomhlacht neamhspleách chun diúltuithe d'iarratais ar fhaisnéis agus ábhair lena mbaineann a athbhreithniú. Beidh torthaí an Choimisinéara ina gceangal ar na páirtithe lena mbaineann, agus tá siad faoi réir achomhairc chuig an Ardchúirt ar phointe dlí. Tríd is tríd, ní féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir ach amháin sa chás gur úsáid tú athbhreithniú inmheánach ar dtús. Sa chás nach bhfuil aon tairmligean i bhfeidhm agus gur dhiúltaigh aire d'iarratas i dtosach báire, féadfaidh tú achomharc díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise le haghaidh athbhreithniú.
An féidir leis an gCoimisinéir Faisnéise gach cinneadh ar gach iarratas a athbhreithniú?
Faoi na hAchtanna tá cumhachtaí leathana ag Emily O'Reilly, an Coimisinéir, (
www.oic.gov.ie/en/about us/ , cháipéisí a scrúdú agus fínnéithe a ghlaoch, lena chinneadh an bhfuil ábhar díolmhaithe. I réimsí áirthe áfách, má tá ábhar díolmhaithe agus má tá sé dáiríre nó íogair go leor, féadfaidh aire dearbhú a eisiúint dá réir seo. Seo a leanas na réimsí:
-
Breithniúcháin Ranna Stáit
-
Cur i bhfeidhm Dlí
-
Slándáil
-
Caidrimh Idirnáisiúnta
-
Tuaisceart Éireann
Sa chás go n-eisítear dearbhú den chineál seo, ní féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh an fhaisnéis a dhiúltú. Ina ionad sin, féadfaidh baill Rialtais eile nó na cúirteanna i gcás pointe dlí an t-ábhar a athbhreithniú. Táthar ag súil nach n-úsáidfear dearbhuithe aire ach go fíor annamh.
Foirmeacha
Foirm iarratais d'iarratas FOI