Tá Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh faoi réir na Rialachán um Fhaisnéis Earnála Poiblí 2005 (IR 279 de 2005). Tá na rialacháin ar fáil ag www.psi.gov.ie
Is féidir faisnéis atá postáilte ar an suíomh Gréasáin seo a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce gan iarratas a dhéanamh agus na heisceachtaí seo a leanas ann:
Is dócha go mbeadh cearta maoine intleachtúla i gceist d'ábhar a sholáthraíonn triú páirtí, lena n-áirítear naisc chuig suíomhanna Gréasáin eile ón suíomh seo.
Caithfear cead chun ábhar den chineál seo a úsáid nó a chópeáil a fháil ó shealbhóir an chearta maoine intleachtúil.
Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir faisnéis agus cáipéisí a fhaightear ón suíomh Gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid mura ndéanatar é seo faoi réir an cheadúnais is déanaí PSI atá ar fáil ag www.psi.gov.ie
Is féidir iarraidh ar Fhaisnéis Earnála Poiblí ar le Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh í nach bhfuil ar fáil mar atá leagtha amach thuas trí scríobh chuig:
An tOifigeach Riaracháin,
Rannán na Seirbhísí Corparáideacha,
Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh,
Oifigí Cathartha,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann.
R-phost: corporatesupport@northtippcoco.ie
Caithfidh an tIarratas a bheith ar cháipéisí a scaoileadh d'athúsáid agus caithfidh sé a dhearbhú go soiléir gur le haghaidh faisnéis earnála poiblí a athúsáid atá an t-iarratas. Tá aicmí na sonraí/taifead a choinníonn an Chomhairle le fáil i Lámhleabhar Alt 15 an Achta um Shaoráil Faisnéise de chuid Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh.
Ní sholáthróidh an Chomhairle ach sonraí atá clúdaithe ag na Rialacháin i bhformáid nó teanga atá ann cheana féin.
Maraon le sonraí atá faoi chosaint cearta maoine intleachtúla, níl fhoráiltear sna Rialacháin do scaoileadh sonraí pearsanta nó faisnéis atá faoi chosaint an Achta um Shaoráil Faisnéise. Ní cheadaíonn na Rialacháin faisnéis a scaoileadh ar bhealach atá toirmiscthe faoin dlí ar dhóigh eile.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar athúsáid faisnéise atá á coinneáil ag Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh, téigh i dteagmháil le do thoil le Seirbhísí Corparáideacha
Níl dualgas ar Chomhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh faoi na Rialacháin cáipéisí a scaoileadh d'athúsáid. Beidh faisnéis ar bith a scaoiltear faoi réir téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais PSI is déanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ieagus téarmaí agus coinníollacha eile den chineál sin a mheasann Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh a bheith cuí.
Níl Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh faoi dhliteanas caillteanais nó dliteanais ar bith a bhaineann le faisnéis a athúsáid agus ní dhearbhaíonn sí go bhfuil an fhaisnéis thuas chun dáta nó saor ó earráid. Ní thugann an Chomhairle údarás d'úsáideoir ar bith cearta eisiatacha a bheith acu an fhaisnéis a athúsáid.
Beidh na táillí seo a leanas i bhfeidhm:
Tabharfar sonraí na dtáillí don iarratasóir sula scaoilfear an fhaisnéis.
An bhfuil aon rud le rá agat faoinar suíomh Ghréasáin? Seol chugainn aon aiseolas.