Tionscnamh de chuid na Comhairle is ea an Comórtas Mórtas Cine agus Ceantair - Tiobraid Álainn a thugann aitheantas d’obair chrua agus tiomantas a lán de choistí na mBailte agus na Sráidbhailte Slachtmhara ar fud Thuaisceart Thiobraid Árann.
Is i mí na Bealtaine a chuirtear tús leis an gcomórtas de ghnáth agus fógrófar sna páipéir áitiúla é. Foilseofar foirmeacha iarratais agus na sonraí ar an leathanach seo a luaithe agus a bheidh siad ar fáil.
I measc na slat tomhais a úsáidfear le linn breithiúnais beidh néatacht agus bainistiú bruscair, tuiscint ar an dúlra agus an cúram a thugtar dó, tuiscint ar an timpeallacht thógtha agus an cúram a thugtar dó agus páirt an phobail i mórtas pobail agus ceantair a chur chun cinn.
Bronnfar duaiseanna i ngach ceann de na 4 thoghcheantar agus is le linn Dhámhachtainní Bliaintúla Comhshaoil na Comhairle, a bhíonn ar siúl i mí na Samhna de ghnáth, a bhronnfar iad. Beidh duais fhoriomlán ann freisin don Bhaile Mór nó don Sráidbhaile is Slachtmhaire i dTiobraid Árann Thuaidh.
Ainmneoidh Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh iarrthóirí de chuid Chomórtas Mórtas Cine agus Ceantair Thiobraid Álainn mar ionadaithe an chontae ag Comórtas Uile-Éireann Mórtas Cine agus Ceantair. Chun breis eolais a fháil téigh chuig www.prideofplace.cooperationireland.org
Tá sé d'aidhm ag Comórtas Mórtas Cine agus Ceantair Thiobraid Álainn grúpaí áitiúla a spreagadh chun ullmhúchán a dhéanamh le cur isteach ar Chomórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara a eagraíonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Chun breis eolais a fháil téigh chuig www.tidytowns.ie
Foirm Iarratais le haghaidh Comórtas Thiobraid Álainn 2007 - Doiciméad Word
(36KB)
Sonraí faoi Chomórtas Thiobraid Álainn 2007 - Doiciméad Word
(53KB)
An bhfuil aon rud le rá agat faoinar suíomh Ghréasáin? Seol chugainn aon aiseolas.