
Mic Léinn ó Mheánscoil Naomh Muire, An tAonach ag seoladh an Fheachtais 'Bin Your Butts' do Thiobraid Árann Thuaidh, in éineacht lena múinteoir Virginia O' Dowd, Lorraine Power, Oifigeach Feasachta Comhshaoil NTCC agus 'Mr. Buttman'. Tá luaithreadáin iniompartha ar fáil saor in aisce ó oifigí agus leabharlanna na Comhairle.
Tá na seirbhísí Comhshaoil atá soláthraithe ag an gComhairle forbartha go mór le blianta anuas agus a chuimsíonn Bainistíocht ar Cháilíocht an Uisce, Bainistíocht Dramhaíola agus Bruscair, Cosaint Tomhaltóirí agus Oideachas agus Feasacht Comhshaoil.
Faisnéis maidir le bruscar, truailliú uisce, madraí, núiseanna, torann.
Bíonn an Rannóg Comhshaoil ag déileáil le gach fiosrú maidir le bruscar, truailliú uisce, madraí, núiseanna agus torann. Tá cothabháil agus feabhsú ar cháilíocht an uisce i gceist le Srianú ar Thruailliú maidir le haibhneacha agus lochanna an chontae. Tá fáilte romhat glaoch gutháin a dhéanamh nó glaoch chun na hoifige le linn ghnáthuaireanta oibre agus soláthrófar faisnéis ghinearálta ar bith duit láithreach.
An bhfuil aon rud le rá agat faoinar suíomh Ghréasáin? Seol chugainn aon aiseolas.