Tithíocht
Ár n-Aidhm
"Deimhin a dhéanamh de go bhfuil lóistín inacmhainne ag an uile
dhuine sa Chontae agus é oiriúnach dá riachtanais sóisialta agus
pearsanta"
Leanann an Chomhairle, agus iad ag iarraidh an aidhm seo a bhaint amach,
agus i gcomhréir leis na polasaithe atá leagtha síos sa Doiciméad
Polasaí “Bailte a Sheachadadh – Pobail a Chothabháil” a d’fhoilsigh an
Roinn Comhshaoil i 2007, ag soláthar réimse leathan seirbhísí tithíochta
mórthimpeall an Chontae.
Straitéisí
- Na roghanna a dhéantar soláthar dóibh sa Bheartas Náisiúnta Tithíochta a chur chun cinn agus a úsáid.
- Leanúint ar aghaidh ag cur ár gCláir Thógála i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir.
- Na forálacha den Straitéis Thithíochta a ghlac an Chomhairle faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 - 2002 a chur i bhfeidhm
- Clár leanúnach a ullmhú agus a chur i bhfeidhm maidir le réamhcheannach talún chun riachtanais reatha agus riachtanais amach anseo a chomhlíonadh, agus an Straitéis Thithíocht a chur i bhfeidhm i gcásanna cuí.
- Tosaíocht a thabhairt do chuimsiú sóisialta trí rannpháirteachas áitritheoirí a chur chun cinn i mbainistíocht na scéimeanna tithíochta sóisialta.
- Cabhrú leis an Rannóg Tithíochta Dheonaigh sa Chontae agus é a chur chun cinn agus a fhorbairt.
- An plean 4 bhliana do Chóiríocht don Lucht Siúil 2005 - 2008 a chur i bhfeidhm.
- Comhlíonadh Reachtaíochta/Rialacháin Cóiríochta na hEarnála Príobháidí ar Cíos a chur chun cinn, i gcomhar leis an mBord Tionóntachta Cónaitheach Príobháideach.
- Déanamh cinnte go spreagann agus go dtacaíonn ár mbeartas tithíochta Inbhuanaitheacht Tuaithe, ag tabhairt aird do na forálacha atá sa Phlean Forbartha Contae 2004 atá glactha ag an gComhairle.
- Uasghrádú a dhéanamh ar ár Stoc Tithíochta trí Theas Lárnach agus bearta eile a chur ar fáil faoi réir ag an mhaoiniú atá ann, go náisiúnta agus go háitiúil.