Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Mótarcháin

Mótarcháin

Réamhra ar Mhótarcháin i dTiobraid Árann Thuaidh

Baineann an Rannóg Mótarchánach le bearta faoi úinéireacht feithiclí, cáin feithiclí agus eisiúint ceadúnais tiomána. Ón 1ú Eanáir 1999 cuirtear an t-airgead ar fad ó Mhótarcháin chuig an gCiste Rialtais Áitiúil a thagann in áit an Chiste Comhionannaithe.

Eolas Ginearálta

An Rannóg Mótarchánach
Oifigi Cathartha,
Bothar Luimnigh,
An tAonach
Líne Dhíreach: 067 44701

Oscailt don phobal ach amháin ó 9.00 r.n. go dtí 1.00 i.n.
Glaonna teileafóin go déileáil ach le 09:30-11:30 Luan go hAoine
Ba chóir Seiceanna agus Orduithe Airgid a bheith iníoctha le Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh

Táimid tiomanta do sheirbhís éifeachtach a sholáthar duit agus, le go mbeimid in ann é sin a dhéanamh, iarraimid ort a chinntiú go bhfuil an doiciméadacht riachtanach ar fad iniata le d'iarratas. Má tá amhras ar bith ort, déan teagmháil lenár n-oifig trí ghlaoch gutháin.

Straitéisí:

An Tástáil Náisiúnta Gluaisteán - Láithreán Gréasáin na Tástála Náisiúnta Gluaisteán

Má tá fógra aimsithe agat le déanaí go bhfuil do ghluaisteán dlite don TNG, is féidir leat seirbhísí ar líne a úsáid anois chun athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid sonraí tástála, agus d'áirithint don TNG a dheimhniú, a chealú nó a athrú ar do chaoithiúlacht.http://www.ncts.ie

Cáin don ghluaisteán

Is féidir leat do mhótarcháin a athnuachan ach úsáid a bhaint as clúdach litreach réamhíoctha a sheoltar chugat le do mheabhrúchán. Déanfar gach iarratas poist a phróiseáil agus a sheoladh ar ais chugat laistigh de 2 lá oibre tar éis dóibh a bheith aimsithe. De rogha air sin, tá fáilte romhat cuairt a thabhairt ar ár n-oifigí ar Shráid Kickham, áit a ndéanfar déileáil le d'iarratas laistigh de 30 nóiméad.

Ceadúnais Tiomána

Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bpost nó trí ghlaoch isteach chuig ár n-oifigí maidir le ceadúnas nua nó chun do cheadúnas a athnuachan. Nuair a aimsítear an fhoirm iarratais comhlánaithe go hiomlán, déanfaimid iarracht an ceadúnas a eisiúint laistigh de 10 lá oibre

Athrú úinéireachta

Déanfaimid d'iarratas a phróiseáil laistigh de 3 lá oibre.

Iarratais ar cheadúnas trádála

Déanfaimid d'iarratas a phróiseáil laistigh de 2 lá oibre.

Ceadúnais Leantóra

Déanfaimid d'iarratas a phróiseáil laistigh de 3 lá oibre.

Iarratais ar Aisíoc

Déanfaimid d'iarratas a phróiseáil agus eiseofar íocaíocht laistigh de 15 lá oibre.

Fiosruithe Garda

Tabharfaimid freagra ar gach fiosrú laistigh de 5 lá oibre.

Fiosruithe Dlíodóra

Tabharfaimid freagra ar gach fiosrú laistigh de 3 lá oibre.

Fiosruithe ar Fhíneálacha Tráchta

Tabharfaimid freagra ar gach fiosrú laistigh de 3 lá oibre.

Lógónna Laser, Visa agus Mastercard
Táimid anois ag glacadh leis na mórchártaí creidmheasa ar fad agus cártaí Laser