Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Bóithre > Gréasán Bóithre

Gréasán Bóithre

De réir Acht na mBóithre 1993, tá bóithre poiblí rangaithe mar Náisiúnta, Réigiúnach nó Áitiúil. Tá cumhacht ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil dearbhú cad iad bóithre náisiúnta agus bóithre réigiúnacha. Is bóithre áitiúla iad na bóithre eile.

Tá Bóithre Náisiúnta foroinnte ina bPríomhbhealaí Náisiúnta agus Bealaí Náisiúnta Tánaisteacha. Tagraítear do bhóithre réigiúnacha mar Phríomhbhóithre Réigiúnacha chomh maith. Ionchorpraíonn bóithre áitiúla bóithre contae agus uirbeacha chomh maith.

Tá siad seo foroinnte ina rannóga príomhúla, tánaisteacha agus triaracha. Tá Léarscáil agus Sceideal Bóithre coinnithe ag an gComhairle a léiríonn an gréasán bóithre sa chontae.

Fad an Ghréasáin Bóithre Poiblí i dTiobraid Árann Thuaidh

Príomhbhóthar Náisiunta - 68km
Bóthar Náisiúnta Tánaisteach - 105km
Bóithre Réigiúnacha - 357km
Áitiúil - 2231km
Iomlán - 2761km

Bóthar Poiblí

Ciallaíonn Bóthar Poiblí bóthar ar a bhfuil ceart slí poiblí ann cheana féin agus ina luíonn an fhreagracht maidir le cothabháil ar an údarás áitiúil.

Bóthar poiblí a dhearbhú

Caithfidh úsáid ghinearálta poiblí baint leis an mbóthar agus caithfidh ceart slí poiblí a bheith ann cheana féin maidir leis an mbóthar. Caithfidh an túdarás um bhóithre na himpleachtaí airgeadais a mheas maidir leis an bhfreagracht a bhaineann le bóthar poiblí breise a ghlacadh agus is gá agóidí nó aighneachtaí atá déanta ag an bpobal a mheas. Glactar leis gur bóithre poiblí iad bóithre atá tógtha ag an údarás áitiúil nuair atá an tógáil beartaithe d'úsáid an phobail go ginearálta. Dá réir sin, mura gcinneann an túdarás um bhóithre eile, is bóithre poiblí a bheidh sna bóithre atá tógtha sa ghnáthchúrsa, a chealaíonn riachtanas ar bith maidir le próiseas dearbhaithe foirmeálta.

Bóthar poiblí a thréigean

Tá an chumhacht chineachta maidir le bóithre áitiúla a thréigean leis an Údarás Áitiúil, ach caithfidh ordú ar bith maidir le bóthar náisiúnta nó réigiúnach a thréigean a bheith ceadaithe ag an aire. Caithfidh sé comhairliú dá réir leis an ÚSB (N.R.A.) roimh chinneadh a dhéanamh a mbeidh tionchar aige ar bhóthar náisiúnta. Nuair atá bóthar tréigthe, níl aon fhreagracht ar an údarás um bhóithre maidir lena chothabháil, ach níl tionchar ar bith ag an tréigean ar an gceart slí poiblí ar an mbóthar atá ann cheana féin.

Ceart Slí Poiblí a Chealú

Tá an chumhacht chineachta ag na baill tofa ar an gcoinníoll go bhfaightear faomhadh ón Aire nuair a bhaineann an cealú le bóthar náisiúnta nó réigiúnach. I gcás an bhóthair náisiúnta, caithfidh an tAire comhairliú leis an ÚSB (NRA).