Tá tú anseo:
Baile >
Seirbhísí >
Bóithre > Pleananna agus Straitéisí
Pleananna agus Straitéisí
Tá Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh rannpháirteach i móran pleananna agus straitéisí a bhunú.
'Siad na priomhchuspóirí a leanas a bhaineann le gnóthú na straitéisí seo;
- An plean reatha 5 bliana a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le hathchóiriu dromhchla agus atógáil na mbóithre neamhnáisiúnta.
- Forbairt a dhéanamh ar scéimeanna feabhsúcháin áitiúla agus le cúnamh ón bpobal de réir an liosta tosaíochta agus i gcomhairle leis na baill tofa agus grúpaí áitiúla.
- Leanúint ag cinntiú maidir le pleanáil na bhfeabhsúchán ar bhealaí náisiúnta, go bhfuil an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil go hiomlán ar an eolas maidir le riachtanais agus tosaíochtaí an Chontae.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le comhairliúchán agus comhordú na ngníomhaíochtaí idir rannóga éagsúla san eagraíocht agus áisínteachtaí eile atá ag feidhmiú sa Chontae.
- Cinntiú go bhfuil caighdeán na cothabhála bóithre feabhsaithe, ag teacht leis an dul chun cinn teicniúil agus oibríochtúil.
- Pleananna bainistíochta tráchta a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, i comhairle leis na baill tofa, do bhailte móra an Chontae.
- Sábháilteacht bóthair a chur chun cinn agus iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta bóthair sa Chontae.