Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Bóithre > Polasaithe

Polasaithe

SOILSIÚ POIBLÍ

Tá cothabháil an tsoilsithe poiblí i dTiobraid Árann Thuaidh ar conradh ag BSL agus maoinithe ag Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh.

'Siad na leithdháiltí maidir le soilsiú poibli do 2006 ná:
Bealaí Náisiúnta: €111,300 (forchúitithe ón ÚSB [NRA])
Bealaí Neamhnáisiúnta : €224,869

BEARTAS AR SHOILSIÚ POIBLÍ

  1. Níor chóir don chomhairle soilsiú poiblí a sholáthar ach amháin do chuspóirí sábháilteachta bóthair agus ní do chuspóirí slándála.
  2. Ar an gcúis seo, ba chóir soilsiú poiblí a sholáthar mar thosaíocht laistigh de gach limistéar luasteorainn 50 cm/u. Nuair atá forbairtí oiriúnacha ar imeall lonnaíochtaí, d'fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar sholáthar an tsoilsithe poiblí, chomh fada agus go bhfuil an soláthar déanta do chuspóirí sábháilteachta bóthair i dtuairim an Innealtóra Limistéir. Sa chás seo, ní bheidh á chlúdach ag an gComhairle ach na costais reatha.
  3. Bá chóir clár 5-bliana do sholáthar an tsoilsithe poiblí laistigh de gach limistéar luasteorainn 50 cm/u a fhorfheidhmiú, faoi réir an mhaoinithe cuí a bheith ar fáil.
  4. Mar riail, níor chóir go mbeadh tuilshoilsiú na séipéal, na láithreán oidhreachta srl a bheith soláthraithe ag an gComhairle Contae. Nuair atá na costais reatha do shoilsiú poiblí mar seo á íoc ag an gComhairle i láthair na huaire, leanfar leis an socrú seo.

BEARTAS AR CHUIMHNEACHÁIN COIS BÓTHAIR ATÁ DÍOLÚNAITHE FAOI RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2001

Cé nach spreagtar foirgniú maidir le struchtúr ar bith ar nó in aice le bóthar ar bith go ginearalta ó thaobh cúrsaí sábháilteachta bóthair, aithnítear gur cheist fíor-mhothálach iad cuimhneacháin cois bóthair. Tabharfar an chomhairle a leanas do dhaoine aonair gur mian le0 cuimhneachán cois bóthair díolúnaithe a fhoirgniú:

  1. Ba chóir go mbeadh ionad an chuimhneacháin aontaithe leis an Innealtóir Limistéir nuair nach bhfuil sé feiliúnach an cuimhneachán a lonnú ar láthair na tionóisce go díreach, go háirithe má tá sé ar phíosa dainséarach den bhóthar, ba chóir don iarratasóir láthair sábháilte eile a roghnú leis an Innealtóir Limistéir.
  2. Ba chóir ceadúnas a fháil ó úinéir na talún.
  3. Níor chóir don chuimhneachán a bheith níos mó ná 600mm. leithead x 600 mm. airde x 150 mm. de dhoimhneacht.
  4. Nior chóir don chomhartha a bheith soilsithe.
  5. Bá chóir do dhromchla tosaigh an chuimhneacháin a bheith socruithe siar ag teacht le líne reatha na díge nó an fháil atá ann cheana féin.